Ard na Gaoithe

Tá céad míle fáilte romhat go Ard na Gaoithe.Tá ár dtigh, Ard na Gaoithe 3* faofa ag Fáilte Ireland agus is sinne, Muintir Uí Lionáin a chuirfidh fáilte is fiche romhat.Táimid suite ar Oileán Chléire, Áiseanna: 4 sheomra le leaba dúbailte/singil agus seomra folctha, 1 sheomra le leaba dúbailte agus seomra folctha, 1 seomra dúbailte le seomra folctha taobh leis.Cuirtear tae/caife/tae luibhe agus brioscaí ar fáil i ngach seomra agus tá triomadóir gruaige i ngach seomra.Gairdín álainn, foirfe don tae um thrathóna.

ardnagaoithe@hotmail.com
+353 (028) 39160
Cluain Mara

 

 
 
ciaranandmary@hotmail.com
+353 (0)28 39153
An Brú

Tá an Brú lonnaithe i seana fhoirgneamh an Garda Cósta. Tá an Brú in aice le trá álainn Iniar áit a bhfuil radharcanna iontacha as gach uile seomra. Gach seans go mbeidh tú linn nuair a thagann Liamháin Gréine ar chuairt chugainn. Tá Oileán Chléire 3 mhíle ar fhad agus míle ar leithead, ocht míle farraige ó Dhún na Séad agus Scoil Mhuire. Tá an turas báid go dtí an oileán chomh maith le aon Chúrsa Farraige le seans mhaith ar súil a leagan ar siorc,míol, deilf nó rón.

info@capeclearhostel.com
+353 (028) 41968
Gaisceanáin
comolane@eircom.net
(028) 39182 / (086)0518997
An Teach Bán

Fáilte chuig ár suíomh agus go raibh maith agat as suim a chur in ár dteach ar Oileán Chléire a thógáil ar chíos. Tá an teach ar fáil go gearr théarmach nó go fad théarmach i rith na bliana. Tá trí sheomra leapan agus go leor spás le 6-8 duine a choimead go compórdach. Tá an teach réitithe amach go hiomlán. Bhí an teach atá suite ar circa 3 acra athchóirithe le déanaí go chaighdeán ard. Tá gáirdín álainn ina bhfuil tobar agus go leor plandaí leath-thropaiceach chomh maith le lochtán deas. Níl aon áit níos fearr le éalú ó ruaile buaile an tsaol . Tá an teach sách gar do áiseanna an oileáin ach sácht fada uathu  le príobháideachas agus ciúnas a thabhairt freisin.

joneill264@gmail.com
+353872200674
Cléire Haven

Nuair a dhúisíonn tú i do iort nó típí cloisfí tú an tuisce ag rádáill ar na carraigeacha. Ansin nuair a chaitheann tú do dhoras ar oscailt beidh radharc draíochtach ós do chóir, an tuisce lonrach agus cnoic álainne atá maisithe le bóithríní casta agus claíachaí déanta as cloch, daite le bláthanna agus aiteann.  An ghrian ag sileadh thrí éadach do thípí nó díon gloinne do iort, bain taitneamh as do bhricfeasta agus tú ag pleanáil do lá. Tóg go bog é, is féidir dul ag an teach solais amárach… Nuair a théann tu isteach i do iort no típí ní hé go bhfuil tú ag fágáil an nádúr amuigh, tiocfaidh tú níos gaire dhó i do chocún canbháis.

relax@yurt-holidays-ireland.com
+353 (086) 1971956
Cuas an Uisce

Árasán ar cíos gearrthéarmach.  Cúig nóiméad siúl ón gcuan.  Seomra leaba amháin dhá leaba shingil, seomra folcadh agus cistin.

bridnighriofa@hotmail.com
00 353 28 39119
Ionad Saoire Chléire

Tá Ionad Saoire Chléire suite i gceantar an chuain i ngar do bháid farantóireachta, bureau de change,siopaí, bialainn agus pubanna. Tá deara thraidisiúnta ar na tithe ach tá gach áis agus compórd nua aoiseach iontu. 3 sheomra leapan – ceann le leaba dúbailte agus dhá cheann le dhá leaba singil. Cistin le niteor gréithre /inneal níochán/triomathóir & rl. Tine oscailte agus teas leictreach. Teilifís daite. Braitlíní agus túáillí curtha in áireamh. Bád ar fáil le haghaidh turasanna, tumadóireacht/iascach/faire éin. Glactar le cártaí creidmheasa aitheanta.

capeclearcottages@eircom.net
00 353 28 39153 / 087 2680760
Teachín an Iascaire

Teachín iascaire thraidisiúnta le fáil ar chíos ar Oileán Chléire. Tá Oileán Chléire 3 mhíle ar fhad agus míle ar leithead, ocht míle farraige ó Dhún na Séad agus Scoil Mhuire. Tógann an turas báid go Cléire thart ar 45 nóiméad. Dhá seomra leapan bheaga (le leaba dúbailte),seomra folctha/leithreas, agus cistin/seomra suí atá i gceist. Níos lú ná cúig nóiméad ón gcuan,pubanna, siopaí agus leaba bháid an bád farantóireachta.

cadogans@eircom.net
028 39129
Tig Nóiní

Tá Tig Nóiní suite ar Oileán Chléire, an toileán Éireannach is faide ó dheas. Le radharcanna iontacha ar an mBá Thuaidh,Scoil Mhuire agus Carn Uí Néid, is iontach a bheith i dTig Nóiní ag éalú ón ghnáth saol. Is féidir le ceathrar codladh i dTig Nóiní go compórdach agus tá an teach réitithe amach go hiomlán. Is áit iontach Tig Nóiní do scríobhnóirí sa ngeimhreadh.

enquiries@tignoini.com
+353 (086) 8547912