Sea Angling/Birdwatching/Whale-Dolphin Trips:

 

Turasanna ó Chléire ar fáil.

 

Cuir turasanna Faire Éin, Deilf agus Míol nó turasanna Iascasch san áireamh.

 

MVS Gaisceanán. Baoite ar fáil. 

028 39182
Éaneolaíocht i gCléire

Bhunaigh lucht faire éan ó Shasana Tigh na n-Éan ar an oileán sa bhliain 1959 toisc an áit a bheith suite are cheannde mhórbhealaigh imirce na n-éan mara ar chósta na hEorpa. Lena chois sin tuirlingíonn éin imirce eile ar an oileán agus iad imithe amú.  Is fearr Cléire ná áit ar bith eile san Eoraip chun radharc a fháil ar 'Great Cories' agus 'Sooty Shearwaters' ón Domhan Theas agus 'Guairdeall Wilson' ón Atlantic Lár.  Ag Trá Chiaráin atá sé ó shin. Faoi chúram Birdwatch Ireland atá Tigh na n-Éan ó 2000 nuair a déanadh mór choiriú air. Ar an haidhmeanna atá leis tá monatóireacht ar éin dúchasacha an oileáin agus ar na mórbhealaigh imirce a bhíonn ag éin. Déantar lóistín a sholáthar sa bhrú do éaneolaithe ar chostas réasúnta. Reáchtálann Birdwatch Ireland cúrsaí ar an Éiceolaíocht agus Faireacht Mara agus téamaí eile.

steve.ccbo@gmail.com
028 39181
Ionad Mara Chléire

 

Tabhair cuairt ar Ionad Mara Chléire.

 

Tá go leor pictiúirí agsu eolas againn ar mháirnéalaí agus iascairí Chléire.

 

Buail isteach, tá an t-Ionad sa chuan.

Ionad Foghlama Chléire

Seirbhísí Teanga Oileáin Chléire – Aistriúchán Gaeilge, Comhairleoireacht Teanga & Turasóireacht Oideachasúil. Tá Seirbhísí Teanga Oileáin Chléire ag soláthar seirbhísí Gaeilge don earnáil phoiblí agus phríobháideach ó 2003. Ina theannta sin cuirimid teagasc Gaeilge ar fáil do ghrúpaí scoile/óige agus d’fhoghlaimeoirí fásta. Ó 2004 bímid ag cabhrú le hiarrthóirí ar áiteanna i gcoláistí oiliúna agus san AE ullmhú don agallamh iontrála Gaeilge cúpla uair sa bhliain. Inár gcuid siúlóidí oideachasúla tugaimid tuiscint shoiléir neamhspleách don gcuairteoir ar stair Oileáin Chléire i gcomhthéacs stair na hÉireann agus na hEorpa.

eolas@cleire.com
00353 28 39190