Éaneolaíocht i gCléire



Bhunaigh lucht faire éan ó Shasana Tigh na n-Éan ar an oileán sa bhliain 1959 toisc an áit a bheith suite are cheannde mhórbhealaigh imirce na n-éan mara ar chósta na hEorpa.  Lena chois sin tuirlingíonn éin imirce eile ar an oileán agus iad imithe amú.  Tagann cuid díobh seo ó áiteanna atá chomh fada i gcéin leis an áis agus Meiriceá.  Is fearr Cléire ná áit ar bith eile san Eoraip chun radharc a fháil ar 'Great Cories' agus 'Sooty Shearwaters' ón Domhan Theas
agus 'Guairdeall Wilson' ón Atlantic Lár.  

Mar a bhfuil an Brú ag An Óige anois a bhí Tigh na n-Éan ar dtús agus i Lios Ó Móine a bhí sé idir 1960 agus 1963.  Ag Trá Chiaráin atá sé ó shin.  Faoi chúram Birdwatch  Ireland atá Tigh na n-Éan ó 2000 nuair a déanadh mór choiriú air.  Ar an haidhmeanna atá leis tá monatóireacht ar éin dúchasacha an oileáin agus ar na mórbhealaigh imirce a bhíonn ag éin.  Déantar lóistín a sholáthar sa bhrú do éaneolaithe ar chostas réasúnta.  Reáchtálann Birdwatch Ireland cúrsaí
ar an Éiceolaíocht agus Faireacht Mara agus téamaí eile.

Tá radharc ar éin ar fud an oileáin ach tá áiteanna áirithe níos fearr ná a chéile.  Tá radharc orthu ón mbóthar poiblí agus moltar gan dul thar claí isteach toisc gur féidir leis seo cur as dóibh.

 

Gairdín Tigh an Choitirigh


Áit fhothainiúil atá sa ghairdín taobh thiar do Thig an Choitirigh a mheallann éin a bhíonn buailte amach ag stoirmeacha mara an Earraigh agus an Fómhair.  Is fiú súil in airde a choimeád don Tuid-teaf, Caipín Dubh, Ceolaire Garraí agus Ceolaire Sailí, Cíorbhuí, Lasairchíor agus an Cuilire Liath.  Is ann a thuirling an chéad 'Yellow-bellied Sapsucker' agus 'Blue-winged Warbler', ó na Stáit Aontaithe a tuairiscíodh san Eoraip.

Gleann Smóil

Ar aghaidh beagáinín ó thigh tábhairne Ciarán Danny Mike's tá coill bheag fairbheog agus saileach a cuireadh roinnt blianta ó shin.  Tugann siad seo chomh maith  leis an tsruthán bheag atá ina lár foscadh do Cheolairí, Céirsigh, agus an Rálóg Uisce.  Is beag bliain nach bhfeictear éin anseo ón tSibéir a bhíonn ag dul ar imirce go dtí an tSín ach théann amú go Cléire.  Tá binse ar an gConair mar a bhfuil radharc breá ar Chuan Inbhir.  Glac sos anseo duit féin.  Is féidir míolta móra, deilfeanna agus muca mara a feiscint ón áit seo ag deireadh an tsamhraidh.
 

Bothar Teach Solais

Meallan na gairdíní ar gach taobh den bhóthar go dtí an Teach Solais go leor imirceach agus tá siad breac le Ceolairí.  Beidh leat, ach súil a choimeád in airde don éagsúlacht éan atá anseo timpeall.

Teach Solais

Is mór is fiú an turas go dtí an Sean Theach Solais atá ag barr Chnoicín an tSeabhaic.  Tá an radharc niamhrach bíonn éin mhara, míolta móra, muca mara agus deilfeanna le feiscint.

Pointe na Boilge

Tá Pointe na Boilge ar an taobh ó dheas de Chuan Inbhir agus is áit mhaith é chun radharc a fháil ar mhíolta móra, deilfeanna agus anos is arís turtair droim leathair.  Anseo is féidir faire do dhéanamh ar mhórbhealach imirc na n-éan mara ag deireadh Iúil agus i gcatheamh Mí Lúnasa nuair a théann suas le 30,000 thar bráid san uair a chloig.  Tá tionchar an mhór ag cúrsaí aimsir agus an trealamh a bhíonn in úsáid ag an éaneolaí ar an líon éan a fheictear anseo, ach ar lá ciúin gréine is féidir go leor a fheiceáil.  

 

Sean Offig an Phoist

Meallann na crainn giúise ag Sean Offig an Phoist Caipíní Dubha, Ceolairí Saileach.  Tiuf teaf, agus an Cíobhuí.  Maireann Gilphibí sna driseacha agus feictear Deargáin Sneachta agus Sacáin chomh maith le Céirsigh eile ar imirce.

 

Loch Ioral

Is fiú dul go dtí Loch Ioral agus aithne a chur ar na faoileáin éagsúla a thagann ann chun an tsáile a ghlanadh as a gcleití.



A thúisce a bhuaileann duine cos ar thalamh Chléire bíonn éin le tabhairt faoi deara.  Múna mbíonn siad le feiscint in áit cloistear a nguthanna binne sna sceacha agus sna coillte beaga agus ar thaobh an bhóthair.  Tá an Spideog agus an Chaislín Clocha le fáil i ngach áit nach mór comh maith leis an Lon Dubh, an Cheirseach, agus an Donóg.  Is beag páirc nach bhfuil Riabhóg Móna le feiceáil ann agus cloistear an Fhuiseog ag canadh go rialta in iarthair an oileáin.   Ar na tailte féaraigh feictear an Cág Cosdearg, an Fiach Dubh agus an Fheannóg.  Má fheiceann tú éan cosúil le Rúcach Dubh, féach go géar air agus má tá gob dearg aige seans maith gurbh é an Cág Cosdearg nach maireann ach cois farraige agus atá résúnta neamhchoitianta.  Ar theacht isteach go Cuan Trá Chiaráin feictear an Forach Dubh ag snámh ar usice nó ag eitilt go dtí a neadanna sna haillte os cionn na trá.

Ag imeacht ón eileáin is fiú go mór bheith ag faire amach le haghaidh Gainéid, Foracha, Crosáin agus Fulmaire.  Tá taithí acu ar an mbád farantóireachta agus seolann siad gar go leor do chun radharc maith a fháil orthu go minic.

 

Tuilleadh eolas;

http://www.birdwatchireland.ie