European Volunteer Service - Seirbhís Eorpach um Oibrithe Deonacha
Le blianta beaga anuas tá an scéim EVS againn. Is leis an scéim seo a tháinig daoine óga ón Eoraip agus ó Mheiriceá Theas. Bíonn na daoine seo ag obair leis an gComharchumann agus na coistí deonacha eile ar an oileán. Is é an Coimisiún Eorpach a mhaoiníonn an clár seo agus is é Léargas i mBaile Átha Cliath atá mar Chomhordaitheoir ar an scéim in Éirinn. Tá eagraíochtaí timpeall na hEorpa agus níos faide anonn, ag glacadh páirte sa chlár seo. Ar cheann de na cúiseanna go mbíonn daoine ag iarraidh teacht chugainn tán an éagsúlacht atá againn san obair atá leagtha amach againn dóibh, mar shampla ar maidin leis na páistí óga i dTír na Spraoi, tráthnóna ag bailiú bruscair ar an dtrá, an lá dar gcionn ag obair le Cumann na Croise Deirge nó ag péinteáil.
Bíonn an-a chuid daoine timpeall an oileáin ag cabhrú is ag cur fáilte roimh ár n-oibrithe deonacha. Tá sé seo fíor- thábhachtach go mbraithfidís go bhfuil siad sa bhaile ar feadh a dtréimhse anseo. Tá buíochas speisialta le dul do Nell, Marie agus Séamus atá tar éis an- chuid ama a thabhairt saor in aisce chun a bheith mar mheantóirí oifigiúla ag na daoine sa scéim EVS. Tá súil againn go leanfaidh an scéim ar aghaidh. Is iontach an rud é daoine óga a fheiscint thart timpeall Chléire sa Gheimhreadh.
Tuilleadh Eolais: Léargas www.leargas.ie/youth