Sé Oileán Chléire, atá 3 mhíle ar fhaid agus míle ar leithead, an tOileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann.  Tá sé 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaigh.  Tá Carraig Aonair lei féin 3 mhíle siar ón oileán.  Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh.

Cuireann radharcanna fiáine, rómánsúla, a chuid céanna gleoite, a chuid failltreacha, portaigh agus loch go mór le mealltacht gan cháim Chléire.  Tá na cnoic clúdaithe ag fraoch, aiteann agus blátha fiáine.  Tá dreach paisteach ar an dúthaigh ag na ballaí cloiche.  Tugann galláin mheigiliotacha agus uaigh phasáiste atá 5000 bliain d’aois, fothrach teampaill on 12ú aois, caisleán leis na Drisceolaigh on 14ú aois, a fuair taurgaint ordanáis go luath tar eis 1600, dearcadh dúinn ar an am a caitheadh.  Sé Naomh Ciarán pátrún an oileáin, agus deirtear gurabh é ba thúisce de cheathrar naoimh Éireannacha roimh Naomh Pádraig.

De bharr a iargcúltacht oileánda agus a ghaireacht do mhór-roinn na hEorpa tá Oileán Chléire ar an ionad is suntasaigh in Éirinn chun éin a fhaire.  Tugtar míolta móra, turtair (leathardhroma), éisc ghréine agus líomháin faoi deara gach bliain agus feictear muca mara go rialta.  Labhraíonn furmhór an 150 duine ar an oileán Gaeilge agus Béarla.  Tá sonas, síocháin agus tionchur an nádúir le fáil ar Chléire, dealaithe amach on saol bruidiúil ar an mórthír

regatta day
Bíonn cuma na féile ar Oileán Chléire ó Mheitheamh go Lughnasa.  Tagann thart ar 180 scoláire ann ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge agus chun a bheith páirteach in imeachtaí agus cluichí.  Téann turasóirí lae ag spaiteoireacht chuig an loch, an sean Teach Solais, agus chuig an Ionad Oidhreachta.  Bíonn luaimheanna isteach is amach sa dá chaladh, rud a fhágann plódaithe iad lá geallta na mbád.  Tagann teaghlaigh ar saoire ann agus deiseanna seoltóireachta, bádóireachta, iascaireachta agus tonnmharcaíochta leo.  Bíonn tumadóirí sa tóir ar shean chonablaigh agus fochais ghuaiseacha.  Bíonn seisiúin de gach sórt sna tabhairní agus is minic le cuairteoirí a gcuid deiseann ceoil féin a bhreith leo.  Molaimid duit lóistín a chur in áirithe roimh ré ar fhaitios díomá.

Canoe course in South Harbour
Séasúr deas ciúin é an fómhar i ndiaidh thréimhse gnóthach an tsamhraidh.  Laghdaíonn bád farrantóireachta an oileáin líon na dturas go dtí an mhórthír.  Iompaíonn dath an aitinn rua.  Anois – agus san earracht – an tráth oiriúnach dóibh sin atá ar thóir an chiúinis ón saol mór.  Is é an tráth é freisin do mhic leinn ar bhliain idir-thréimhse le teacht chuig ranganna speisialta seandálaíochta, scríbhneoireachta, Gaeilge agus gníomhaiocht lasmuigh; agus mar bharr ar sin, chun blas bheatha an oileáin a thabhairt faoi deara.  Tagann níos mó éin meamhchoitianta – agus breis daoine ag faire ortha – i mí dheireadh Fómhair ná in aon mhí eile. 

South harbour with the Fastnet in the distance

ruin in snow

Bíonn séasúr an ghála linn ó Shamhain go Feabhra de ghnáth.  D’fhéadfadh tonnta arda agus ‘an tarrac’ (fotharraingt) an bád farrantoireachta a chosc ó sheoladh.  Buaileann bóchna ard na failltreacha agus caitheann sáile ar fuid an oileáin.  Is eachtra ann féin é siúl nuair is minic fórsa  a 9 leis an ngaoth.  Tagann dath bán-rua ar na giolcaigh sa phortach.  Titeann táillí ar thithe le féin-chothú go dtí a leath sin san ard-shéasúr.  Ach tá sásamh le baint as an tráth seo más ansa leat aimsir chrua, léamh nó scríobh nó scéalaíocht cois tine.  Cuireann an pobal imeachtaí ar siúl ag a bhfuil fáilte roimh chuairteoirí; foireann drámaíochta ar cuairt, damhsa, ceol agus céad-chabhair, ranganna Gaeilge agus cruinnithe de eagraíochtaí éagsúla agus Amnesty International ina measc.

West bog in winter
Búisíonn an tOileán as a shuan geimhridh ó Mhárta go Bealtaine agus glaiseann amach.  Treabhann agus cuireann na feirmeoirí, filleann na h-iascairí ar an fharraige.  Meastar gurabh é an tAibreán an mhí is fearr chun éin neamhchoitianta a thabhairt faoi deara.  Is mó duine a mheasann gur deise an Bhealtaine dona bláthann fiáine.  Faoi thús an Mheithimh bíonn na h-oileánaigh ag súil le meanma an tsamhradh, cé go mbíonn siad ag súil le suaimhneas an fhómhair faoi Lughnasa.

"Oileán is ea Cléire
Ar an taobh thiar theas d'Éire.
Iascaire gach éinne da mhaireas ann beo."
(Bealoideas Chléire)

 
Tagann agus imíonn na fáinleóga, agus cuairteoirí eile an tsamhraidh, scoláirí, turasóirí, ceoltóiri agus lucht na mbád gach bliain. Tagann siad ina sluaite agus is aoibhinn leo saol an Oileáin le linn laethanta fada an tsamhraidh.
Maireann pobal bríomhar ar an Oileán, áfach agus is féidir aithne níos fearr a chur orthu nuair a bhíonn brothal an tsamhraidh thart agus nuair a bhíonn níos mó aimsir acu le bheith ag cor is ag cúiteamh.
Athraíonn gach gnéith de shaol an Oileáin leis na séisúir agus leis an aimsir agus cé gur breá iad laethanta geala an tsamhraidh ní féidir stoirm mhaith farraige a shárú chun alltacht agus misneach a spreagadh ionainn.
Oileán beo is ea Oileán Chléire atá ag athrú de shíor.  Beidh fáilte roimh an chuairteoir, pé acu samhradh nó geimhreadh.

standing stones