Tá Cléire suite 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Ta dhá seirbhís báid ag freastal ar an oileán, seirbhís ó Dhún na Séad a ritheann ar feadh na bliana agus seirbhís samhraidh ó Scoil Mhuire.
 
Cuireann Bus Eireann seirbhís rialta ar fáil (Bus uimhir 237) go Dún na Séad agus Scoil Mhuire ag dul thríd an Sciobairín. Tá Dún na Séad 1.5 uair an chloig ó Chorcaí. Tá go leor áiteanna  ag aerphort Chorcaí gur féidir gluaisteán a fháil ar chíos.
 
Ritheann seirbhís An Cailín Óir gach lá ach amháin Lá Nollag. I rith an gheimhridh bíonn dhá sheirbhís in aghaidh an lae agus suas le cheithre sheirbhís sa samhradh. Tá an suíomh idirlín le fáil anseo.
 
Ritheann seirbhís an Karycraft ó Scoil Mhuire dhá uair in aghaidh an lae sa samhradh. Tá an suíomh idirlín le fáil anseo
 


View Cape Clear Island Location in a larger map