An Láthair Oidhreachta

 

Tógadh an foirgneamh seo ar dtús mar Scoil Náisiúnta do Chailíní agus i 1897 fágadh díomhaoin é toisc gur tógadh scoil nua i gCoilín.  Faoi threoir an Ath. Tomás Ó Murchú, sagart an oileáin beartaíodh iarsmalann a thógaint ar an láthair.  Le cabhair na gCampaí Oibre, muintir Chléire, Roinn na Gaeltachta agus oibritheoirí deonach cuireadh díon athuair ar an seanscoil.  Do lean obair eile ar an bhfoirgneamh ar bhonn deonach go dtí 1979, nuair a cuireadh an chéad taispeántas iarsmalainne ar fáil.  I 1981 bheartaigh Éamon Lankford Cumann Iarsmalann Chléire a bhunú chun Láthair Oidhreachta a fhorbairt don oileán ina mbeadh ábhar chartlainne curtha i gcionn a chéile agus gnéithe den oidhreacht oileánda curtha ar fáil i bhfoirm taispeántais.  Tugadh cáirde le chléile ó chian agus ó chongar chun an sprioc a bhaint.  Thacaigh Comharchumann Chléire leis an iarracht ó thús.  Chuir Roinn na Gaeltachta deontas ar fáil chun na hoibre.  Tá Cunann Iarsmalann Chléire go mór faoi chomaoin ag FÁS, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta as tacaíocht leanúnach a thabhairt don tionscnamh.

 

I 1986, rinne an Cairdinéil Tomás Ó Fiach coimisiniú oifigiúil ar an bhfoirgneamh mar Láthair Oidhreachta.  Bíonn sé ar oscailt gach lá ó Mheithneamh go deireadh mí Lúnasa.  Is féidir cuairt a thabhairt leis ag tráthanna eile i gcaitheamh na bliana ach socrú a dhéanamh chuige ag an Bureau Turasóireachta nó ag Oifig an Chomharchumann le hais Trá Chiaráin.

 

Tá cnuasach sármhaith d'iarsmaí i dtaisce anois sa láthair agus tá bailiúchán tábhachtach chartlainne curtha le chéile a thugann grinneolas ar gheinealach, logainmneacha, cultúr agus oidhreacht an oileáin.  Cé gur bailiúchán cuimsitheach d'abhair a bhaineann go dlúth leis an oileán atá so bhailiúchán iomlán, ní féidir, ceal spáis ach beagán do seo a léiriú go poiblí ag an aon uair.  Sa leagan Béarla den téacs seo tugtar liosta de na hábhair atá faoi chaibidil san ábhar taispéantais.

 

Is féidir gabháil Casán an tSléibhe ón Láthair Oidhreachta ar ais go dtí Cuan Inbhir agus Trá Chiaráin nó má's toil leat lean ort thoir agus aimsigh láthaireacha eile atá luaite sa leabhrán seo.

 

Tuilleadh eolas:

http://www.capeclearmuseum.ie/irishindex.html